Áitíonn Ó Cuív ar dhaoine leas a bhaint as na deiseanna chun an Ghaeilge a mhúineadh i gCeanada
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 22 Eanáir 2010
Inniu, mhol Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do mhic léinn agus do mhúinteoirí le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar dhámhachtain Gaeilge Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann Cheanada roimh an 5 Márta, tráth a gcuirfear críoch leis an bpróiseas iarratais. Cuireann an Fhondúireacht, a fhaigheann maoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, roinnt cúinteoireachtaí teagaisc Gaeilge ar fáil in ollscoileanna a thairgíonn cúrsaí i nGaeilge i gCeanada. Is iad Concordia University i Montréal, Québec agus St. Mary’s University i Halifax, Albain Nua na hinstitiúidí tríú leibhéal a bhfuil baint acu leis na cúntóireachtaí. Chomh maith leis sin, tá Fondúireacht Ollscoile na hÉireann Cheanada ag lorg iarratas d’Ollúnacht Chuairte Gaeilge i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Toronto.
Dúirt an tAire Ó Cuív: “Thosaigh an clár nua seo anuraidh agus tá ag éirí thar cionn leis. Tá an t-aiseolas atá ag teacht ó na hiarrthóirí ar éirigh leo an-dearfach go deo agus, mar sin, cuireann sé an-áthas orm go mbeidh mo Roinnse ag cur maoiniú ar fáil do na dámhachtain seo arís i mbliana. Mholfainn go mór do mhic léinn agus do lucht léinn le Gaeilge cur isteach ar na scoláireachtaí malairte seo. Is deis iontach é do chéimithe dul ag taisteal, cleachtadh fiúntach teagaisc a bhaint amach, blaiseadh a fháil den saol i gCeanada agus a gcuid Gaeilge a úsáid i dtimpeallacht nua agus spreagúil.
“Tá naisc láidre stairiúla idir Éirinn agus Ceanada, go háirithe ó aimsir an Ghorta Mhóir. Deir thart ar 4 mhilliún duine i gCeanada (12.5% den daonra) go bhfuil a bhfréamhacha in Éirinn agus tá pobail Éireannach ar fud na tíre. Go deimhin, anuraidh, don chéad chomóradh a rinne an Stát ar an nGorta Mór, tionóladh an ócáid thar sáile ar oileán Grosse Île i ngar do Québec, stáisiún coraintín ar a dtug na daoine áitiúla ‘L’Île des Irlandais’ – Oileán na nÉireannach.
“Cuideoidh an clár seo chun pobal acadúil Cheanada a chur ar an eolas faoin nGaeilge agus faoin oidhreacht shaibhir a bhaineann léi mar cheann de na teangacha dúchais is sine san Eoraip. Cuirfidh sé an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha eile na hEorpa atá á múineadh thar lear.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na dámhachtain, féach ar www.icuf.ie nó seol ríomhphost chuig This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .
Nóta don Eagarthóir:
Maoinítear an Clár as Ciste na Gaeilge, a úsáidtear chun tacú le heagraíochtaí agus le tionscadail Ghaeilge. Is é aidhm an Chiste úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Tá Ciste na Gaeilge dírithe ar ghrúpaí agus ar eagraíochtaí atá ag feidhmiú, den chuid is mó, lasmuigh den Ghaeltacht. Maoinítear Ciste na Gaeilge as an gCrannchur Náisiúnta.
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Tel/Teil: 01 647 3156 Fax/Faics: 01 667 0826 Layla de Cogan Chin: 087 6842755
Email / Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie





