Baile Nuacht Preaseisiúintí Fógraíonn an tAire Éamon Ó Cuív TD tacaíocht €4m an Rialtais le tacú le hiarratas Let’s Do It Global ar lucht eagraíochta domhanda an Rás Aigéin Volvo chun an rás a thabhairt ar ais go Gaillimh an chéad bhabhta eile

Fógraíonn an tAire Éamon Ó Cuív TD tacaíocht €4m an Rialtais le tacú le hiarratas Let’s Do It Global ar lucht eagraíochta domhanda an Rás Aigéin Volvo chun an rás a thabhairt ar ais go Gaillimh an chéad bhabhta eile

Nuacht - Preaseisiúintí

“Tá mé fíor-shásta anois go bhfuil mo chomhghleacaí, Martin Cullen TD, an tAire Ealaín, Spóirt agus Turasóireachta in ann a fhógairt inniu go mbeidh an Rialtas ag tacú leis an iarratas seo chun Rás Aigéin Volvo a thabhairt ar ais go Gaillimh an chéad bhabhta eile i 2011-2012.

“Bhí muintir na hÉireann i gcoitinne an-bhródúil as an éacht a rinne muintir Let’s Do It Galway” agus Let’s Do It Global chun an rás clúiteach seo a thabhairt go hÉireann i 2009.Tuigeann muid uile an bhuntáiste shuntasach eacnamúil a bhí ann do cheantar na Gaillimhe an babhta deiridh sin agus an tairbhe a bhain an pobal as. Is ábhar dóchais é sna hamanna deacra eacnamúil seo go bhfuil an Rialtas in ann tacú arís leis an togra mór idirnáisiúnta seo, mar a rinne muid i 2009.

“Caithfidh mé daoine cosúil le John Killeen a mholadh as a chuid oibre leis an Rialtas ar an togra seo le roinnt laethanta anuas ach go háirithe. Tá súil agam go neartóidh an tacaíocht Rialtas seo an cás láidir atá ag John Killeen, Enda O’Coineen agus a chomhbhádóirí uile i Let’s Do It Global dá n-iarratas chun an rás a thabhairt ar ais go hÉireann agus go Gaillimh arís an chéad bhabhta eile agus guíonn muid gach rath orthu,” a deir an tAire.