Baile Nuacht Preaseisiúintí Gaeilge le múineadh i mBeijing – Ó Cuív

Gaeilge le múineadh i mBeijing – Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Inniu, d’fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil maoiniú ceadaithe aige ón gCiste Gaeilge d’Institiúidí Tríú Leibhéal Thar Lear don Beijing Foreign Studies University sa tSín, chun cuidiú leo ranganna Gaeilge a chur ar fáil in Ionad Léinn Éireannaigh na hollscoile.  Is é an Beijing Foreign Studies University an chéad ollscoil sa tSín a rinne iarratas ar mhaoiniú chun Gaeilge a mhúineadh.  Tá deontas de €21,900 thar thréimhse trí bliana ceadaithe ag an Aire Ó Cuív don tionscadal seo. 

Is é polasaí an Beijing Foreign Studies University gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a mhúineadh agus, ó tharla go bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga oifigiúil oibre san AE, tá an-fhonn ar an ollscoil an Ghaeilge a chur ar fáil dá cuid mac léinn.  Beidh Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann Má Nuad i dteagmháil leanúnach le Beijing i dtaca leis an gcuraclam agus le hábhar na gcúrsaí.

Bhunaigh an tAire Ó Cuív an Ciste Gaeilge d’Institiúidí Tríú Leibhéal Thar Lear in 2006 chun cuidiú le soláthar cúrsaí Gaeilge mar chuid den chlár acadúil in ollscoileanna thar lear.  Go dtí seo, tá leas bainte as an deontas seo ag 30 institiúid ar fud an domhain - sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus san Eoraip - chun ranganna Gaeilge a sholáthar dá gcuid mac léinn.

Dúirt an tAire Ó Cuív:
“Cuireann sé an-áthas orm fáilte a chur roimh an Beijing Foreign Studies University mar an chéad institiúid tríú leibhéal sa tSín atá ag lorg tacaíochta uainn chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil dá cuid mac léinn.  Tá naisc fhairsinge idir Éirinn agus an tSín cheana féin agus tá mé ag súil go dtreiseoidh an nasc nua seo atá againn leis an Beijing Foreign Studies University an ceangal atá idir an dá thír.

“Léiríonn an t-éileamh atá ar an scéim ag ollscoileanna ar fud na cruinne, agus anois chomh fada ó bhaile leis an tSín, an spéis atá á cur sa Ghaeilge - mar cheann de na teangacha dúchasacha is sine ar domhan - ag an bpobal acadúil, agus freisin na deiseanna atá á gcur ar fáil do Ghaeilgeoirí ar fud na cruinne.   Is earra luacmhar easpórtála í an Ghaeilge.  Nuair a dhéanann mic léinn staidéar ar an nGaeilge ina gcuid ollscoileanna féin, músclaítear suim iontu don Ghaeilge agus do chultúr ginearálta na tíre - suim, go minic, a mhaireann ar feadh a saoil.  Is iontach an rud é mic léinn, as gach cearn den domhan, a fheiceáil ag teacht chun na Gaeltachta chun cur lena gcuid léinn.”

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie