Osclaíonn Ó Cuív dhá ionad sláinte nua i nGaeltacht Chonamara
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 05 Feabhra 2010
D’oscail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, dhá áis nua sláinte go hoifigiúil i gConamara Thuaidh inniu, idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Tá Ionad Cúram Príomhúil Chorr na Móna agus Ionad Cúram Príomhúil Na Fairche mar chuid d’Fhoireann Chúram Príomhúil Uachtar Ard / Na Fairche, a fhéachann le cúram sláinte inrochtana, ardchaighdeáin a sholáthar a fhreastalaíonn ar shainriachtanais an daonra áitiúil.
Tá seirbhísí altranais sláinte poiblí agus Dochtúra Ginearálta ar fáil ar bhonn lánaimseartha sa dá ionad. Tá áiseanna freisin ag na hionaid sláinte i gCorr na Móna agus An Fhairche le seirbhísí a sholáthar lean n-áirítear leas pobail, teiripe urlabhra agus teanga, fisiteiripe, teiripe shaothair, diaitéitic agus cosliacht, chomh maith le seirbhísí sláinte intinne agus síciatracha. Soláthraíonn an dá ionad seo cóiríocht do sheirbhísí Dochtúra Ghinearálta (lasmuigh de ghnáthuaireanta) WESTDOC freisin. Ina theannta sin, tugann Ionad Cúram Príomhúil Na Fairche cóiríocht don Ionad Cúram Lae áitiúil, ag tairiscint tacaíochtaí mar bhéilí ar rothaí do dhaoine breacaosta sa phobal.
Dúirt an tAire Ó Cuív:
“Lá iontach é seo do Chonamara, mar go marcálann na hoscailtí oifigiúla seo barrchríoch bhlianta d’obair chrua, de dhiongbháilteacht agus de chomhoibriú. Is fianaise iad an dá ionad sláinte seo ar an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn daoine sa phobal áitiúil agus áisíneachtaí stáit le chéile agus sprioc shoiléir, choiteann acu.
“Tá a fhios agam gur tionscadal déanta sa bhaile agus áitiúil é ionad Chorr na Móna. Agus é curtha sa siúl go déanach sna 1990í ag an Choiste Pobail agus go príomha, ag a gCathaoirleach Áine Breathnach, ailtire áitiúil, Roger Laundon a dhear an foirgneamh agus Cill Bhríde Teoranta, conraitheoir áitiúil a thóg é. Críochnaíodh an áis iontach seo laistigh den bhuiséad ag costas iomlán de €425,000, lena n-áirítear maoiniú CLÁR os cionn €140,000 ó mo Roinn.
“Is é a bhí i gceist leis an Ionad Cúram Príomhúil san Fhairche ná síneadh agus athchóiriú ar an bhunáitreabh. An Dr. Joe Curran agus an tAth. Michael Flannery agus Maura Halloran nach maireann agus an tAth. Stephen Ludden nach maireann, go ndéana Dia grásta orthu, ó Sheirbhísí Sóisialta Na Fairche / Chumann Deonach Tithíochta Chonamara Thuaidh a chuir tús leis. Arís, conraitheoir áitiúil, Wishbone Construction, a rinne na hoibreacha. Tá ríméad orm go raibh mo Roinn in ann tacaíocht mhaoinithe os cionn €165,000 ó CLÁR a sholáthar don ionad seo, agus má bhreathnaíonn tú ar na háiseanna iontacha anseo agus ar an difear a dhéanann siad do shaol laethúil na ndaoine sa phobal, tá mé cinnte go n-aontóidh tú gur caiteachas fiúntach é infheistiú €1.2m de chuid FSS i gceantar Na Fairche.
“Tá creidiúint agus buíochas mór tuillte ag Sheila Reilly agus ag Michael McDonagh ó FSS, a choinnigh súil ghéar ar gach ceann de na tionscadail seo tríd na próisis iomlána pleanála agus tógála, agus tá súil agam go n-airíonn siad an-bhródúil nuair a fheiceann siad na torthaí inláimhsithe ar ar bhain a gcuid iarrachtaí amach, mar ba chóir do gach duine a aireachtáil a raibh baint acu leis an dá ionad cúram príomhúil seo ón tús.
“San aimsir spairneach a bhí againn ar na mallaibh, chonaiceamar uile a thábhachtaí is atá sé líonra maith pobail a bheith ar fáil, go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair iargúlta. Cinntíonn an fócas ildisciplíneach, pobail atá ag na hionaid seo go bhfuil siad an-luachmhar do phobal Chorr na Móna agus Na Fairche, agus tá lúcháir mhór orm inniu, mar sin, iad a fhógairt ar oscailt go hoifigiúil.”
Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 647 3215
Email / Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie





