Baile Nuacht Preaseisiúintí Ceadaíonn Ó Cuív deontas €15,998 do Choiste Pobail na Foirnéise, Camas

Ceadaíonn Ó Cuív deontas €15,998 do Choiste Pobail na Foirnéise, Camas

Nuacht - Preaseisiúintí

Is cúis áthais don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD, a fhógairt go bhfuil deontas de €15,998 ceadaithe aige do Choiste Pobail na Foirnéise chun obair athchóirithe a chur i gcrích ar ionad pobail Chamais,  Co. na Gaillimhe.  Baineann an cúnamh seo le hoibreacha sábháilteachta agus slándála.  Tá deontas €13,332 á cheadú faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin agus deontas €2,666 á cheadú faoi CLÁR.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire gur thuig sé go bhfuil dea-obair ar siúl san ionad pobail agus go bhfuil na coláistí samhraidh ag baint tairbhe as chomh maith.  “Táim sásta go bhfuil ionad pobail Chamais ina áis  thábhachtach don phobal agus do na coláistí samhraidh agus cuideoidh an deontas seo na saoráidí a fheabhsú,” a dúirt sé.

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie