Tionólfaidh Ó Cuív comhdháil ar dheiseanna fostaíochta a fhorbairt trí Chaitheamh Aimsire faoin Tuath agus trí Thionscadail Turasóireachta faoin Tuath
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 19 Feabhra 2010
Inniu, tá comhdháil á tionóil ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do Chomhlachtaí Forbartha Áitiúil ar úsáid an mhaoinithe atá ar fáil dóibh faoin gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013.
Ag labhairt dó inniu roimh na comhdhála, dúirt an tAire Ó Cuív:
“Tá féidearthachtaí móra ag baint le forbairt a dhéanamh ar Chaitheamh Aimsire faoin Tuath agus ar Thionscadail Turasóireachta faoin tuath chun leasa ár gcuid ceantar tuaithe. Tá sé ríthábhachtach ag an bpointe seo go mbainfeadh muid tairbhe as an bhféidearthacht seo. Ní mór dúinn an deis seo a úsáid chun an leas is fearr a bhaint as ar an talamh ó thaobh fostaíocht inbhuanaithe a chruthú, fostaíocht a thiocfaidh as forbairt a dhéanamh ar thionscadail straitéiseacha Turasóireachta agus Caitheamh Aimsire.”
Tá féidearthachtaí móra ag baint leis an maoiniú suntasach de thart ar €425m atá ar fáil do Chomhlachtaí Forbartha Áitiúil thar thréimhse an Chláir Forbartha Tuaithe 2007-2013. Beidh an maoiniú sin ar fáil chun ár gcuid táirgí Turasóireachta agus Caitheamh Aimsire féin a fheabhsú agus a fhorbairt agus chun breis fostaíochta inbhuanaithe a chruthú inár gcuid pobal tuaithe. Is féidir tairbhe a bhaint as an bhféidearthacht bhreise a bhaineann leis an turasóireacht trí leas a bhaint as ár n-oidhreacht nádúrtha. Trí ghníomhaíochtaí caitheamh aimsire ar ardchaighdeán a sholáthar i gceantair tuaithe beimid ag cruthú ioncam suntasach do phobail áitiúla.
Tá léirithe ag Fáilte Éireann gurbh fhiú €1.2bn turasóireacht ghníomhaíochta do gheilleagar na hÉireann in 2008, €650m a tháinig ó na margaí thar sáile agus €540m a tháinig ón margadh baile. Tá deis shuntasach ann an margadh seo a fhorbairt tuilleadh má chuirimid gníomhaíochtaí agus áiseanna comhtháite ar fáil a bheidh pleanáilte go maith do chúrsaí caitheamh aimsire. Is rud suntasach é freisin go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na siúlóirí a thagann anseo ó thar lear le blianta anuas – ó 207,000 in 2002 go 517,000 in 2008.
Dúirt an tAire Ó Cuív: “Tá an-áthas orm an deis seo a bheith agam labhairt leis na Comhlachtaí Forbharta Áitiúil faoi na féidearthachtaí suntasacha eacnamaíocha agus forbartha atá ar ann do phobail áitiúla trí mhaoiniú a dhéanamh ar Thionscadail Turasóireachta agus Caitheamh Aimsire faoin gClár Forbartha Tuaithe.”
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Oifig Preasa & Eolais)
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215
Email / Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie
Nóta don Eagarthóir
Tá an Clár Forbartha Tuaithe cómhaoinithe ag an Rialtas agus an Aontas Eorpach agus tá ríthábhacht ag baint leis ó thaobh athnuachan ceantar tuaithe na hÉireann. Faoin gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013, cuirfear maoiniú thar na bearta de €425.4 milliún ar fáil. Seo beagnach trí oiread an méid a bhí ar fáil faoin gClár deireanach (2000-2006) agus an pacáiste is mó riamh d'fhorbairt tuaithe. I gcomhar leis an infheistíocht phríobháideach a mheallfaidh sé, ba cheart go gcinnteodh an maoiniú seo go gcaithfear os cionn €1bn faoin tuath in Éirinn.




