Baile Nuacht Preaseisiúintí Athcheapachán an Choimisinéara Teanga

Athcheapachán an Choimisinéara Teanga

Nuacht - Preaseisiúintí


Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., roimh athcheapachán Sheáin Uí Chuirreáin mar Choimisinéir Teanga. 

Dúirt an t-Aire:
“Níl aon amhras i mo thuairimse ach go bhfuil sár-obair agus go deimhin obair cheannródaíoch déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, faoi stiúir Sheáin Uí Chuirreáin, le sé bliana anuas.  Is cinnte go bhfuil go leor bainte

amach: tá an Oifig bunaithe anois agus i mbéal an phobail mar áis, ní hamháin do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus do phobal na tíre i gcoitinne, ach freisin do chomhlachtaí poiblí atá ag cur seirbhísí Gaeilge ar fáil don phobal. Níl aon amhras ach go bhfuil meas an phobail, go háirithe lucht labhartha agus úsáidte na Gaeilge, bainte amach ag an Oifig sa tréimhse réasúnta gearr seo.  Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh thar mo cheann féin agus thar ceann an Rialtais buíochas ó chroí a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin agus lena fhoireann as ucht a gcuid oibre le sé bliana anuas.  Níl amhras ar bith orm ach go leanfar leis an dea-obair seo sna sé bliana atá amach romhainn.”

Tá sé tráthúil agus muid ag beartú straitéis 20 bliain don Ghaeilge go dtógfaí anois ar an mbunchloch atá leagtha ag an gCoimsinéir Teanga ón bhliain 2004 ar aghaidh.  Tá freastal an Stáit ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ina théama lárnach sa straitéis 20 bliain agus beidh ról tábhachtach ag Oifig an Choimisinéara Teanga le cinntiú go bhfuil an tAcht, na rialacháin agus na scéimeanna teanga faoin Acht á gcur i bhfeidhm go cuí agus, san áit nach bhfuil, le gearáin an phobail a réiteach go cóir.

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie