Baile Nuacht Preaseisiúintí 36 post le cruthú sa Ghaeltacht le cúnamh Údarás na Gaeltachta

36 post le cruthú sa Ghaeltacht le cúnamh Údarás na Gaeltachta

Nuacht - Preaseisiúintí

Inniu (23/0210), chuir Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, fáilte roimh cinneadh an Rialtais cúnamh infheistíochta de €781,250 a cheadú do Gal Ard Teoranta, gnó báicéireachta agus milseogra atá lonnaithe in Ard an Ratha, Co. Dhún na nGall.  Tabharfaidh sé seo infheistíocht iomlán an Stáit i ndeontais don chomhlacht go dtí €4.25m.

Cuirfear an cúnamh seo ar fáil trí Údarás na Gaeltachta mar thacaíocht don chomhlacht chun an gnó a fhás i gcoitinne mar aon le táirgíocht bhreise a fhorbairt.  Mar thoradh ar an gclár infheistíochta atá beartaithe anois, táthar ag súil le 36 post nua a chruthú, le méadú dá réir i bhfostaíocht sa chomhlacht ó 171 go 207 sna trí bliana amach romhainn.

Dúirt an tAire, “Is dea-scéal é seo don Ghaeltacht agus d’iar-dheisceart Dhún na nGall ach go háirithe”agus tá sé ag teacht le polasaí an Rialtais maidir le forbairt chothrom réigiúnach a threisiú. Tá an-áthas orm go gcruthódh an infheistíocht seo 36 post nua sa cheantar.”

Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil:  01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie