Labhraíonn Ó Cuív ag an bhFóram Oscailte ar Thurasóireacht i nDúiche Sheoigheach
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 04 Márta 2010
Tabharfaidh an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, óráid d'Fhóram Turasóireachta ag an Turas tionscnaimh Oidhreacht Dúiche Sheoigheach ar an bhFairche Dé hAoine 5 Márta.
Ag labhairt dó inniu roimh an bhFóram, dúirt an tAire Ó Cuív:
“Tá acmhainneacht iontach ag baint le forbairt thionscadal nua Áineasa / Turasóireachta Tuaithe ar mhaithe lenár
gcuid ceantar tuaithe. Tá sé ríthábhachtach ag an am seo go mbainfimis leas as an acmhainneacht seo agus go méadóimis an tionchar ar talamh, maidir le fostaíocht inbhuanaithe a chruthú a shreabhfaidh ó thionscadail nua Áineasa / Turasóireachta Tuaithe straitéiseacha agus Féilte Siúil a fhorbairt”.
Lean an tAire air:
“Molaim iad siúd uile a bhí bainteach leis an Turas Oidhreacht Dúiche Sheoigheach agus Fóram Turasóireachta a eagrú. Tá a fhios agam go rachaidh an Fhéile seo ó neart go neart mar gheall ar an tiomantas agus an díograis a bhaineann leis an imeacht seo sa cheantar áitiúil. Anseo i nDúiche Sheoigheach dúinn, táimid in áit uathúil le leas a bhaint as na deiseanna a shreabhfaidh ó thurasóireacht áineasa lenár suíomh iontach ar bhruach Loch na Coiribe, agus le cúlra na n-ardtailte maorga, leis an choillearnach uathúil agus siúlóidí sciamhacha mar an Seanbhóthar ó Chorr na Móna chun na Fairche”.
Dúirt an tAire Ó Cuív go raibh ríméad air leis an líon mór siúlóirí agus toscairí a chuir in áirithe le freastal ar an bhFóram Turasóireachta agus Turas Oidhreachta agus go mbeidh an t-imeacht mar shárthaispeántas do ghníomhaíochtaí siúil agus allamuigh sna blianta amach romhainn. Mhol sé Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe freisin as a dtionscnamh nua maidir le deiseanna oiliúna a sholáthar do Threoraithe Tuaithe, rud a chinnteoidh go mbainfidh baill den phobal áitiúil tairbhe dhíreach as an turas oidhreachta sna blianta amach romhainn.
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215
Email / Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie
Nóta an Eagarthóra:
Beidh an Turas tionscnaimh Oidhreacht Dúiche Sheoigheach ag titim amach Dé hAoine 5 Márta go dtí Dé Domhnaigh 7 Márta agus tá sé bunaithe ar an bhFairche Co. na Gaillimhe. Is féidir breis eolais a fháil ó www.joycecountry.com:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Fón 087 1521716




