Rás Aigéin Volvo chun cuir chun seol i nGaillimh arís – Ó Cuív
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 10 Márta 2010
Ag ócáid fhoirmiúil i mBaile Átha Cliath inniu chun an calafort cheann scríbe i Rás Aigéin Volvo 2011-2012 a fhógairt, ghlac an tAire Éamon Ó Cuív TD comhghairdeas le John Killeen, Enda O’Coineen agus a gcomhbhádóirí uile i “Let’s Do It Global” as ucht an éacht iontach atá déanta acu chun an rás seo a mhealladh ar ais go Gaillimh arís.

“Ba mhaith liom John Killeen, Enda O’Coineen agus a gcomhbhádóirí i “Let’s Do It Global” a mholadh as an éacht seo agus tá mé cinnte go mbeidh gach éinne i nGaillimh agus san iarthar ag súil go n-ardóidh sé seo sprid an phobail agus an taoile eacnamúil áitiúil araon.
“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le mo chomhghleacaí Martin Cullen TD, Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta as a chuid tacaíochta don togra agus Fáilte Ireland mar ní bheadh muid ag an bpointe seo inniu gan iad.
“Tá mé ag súil le seolta na mbád seo a fheiceáil ar Chuan na Gaillimhe arís faoi cheann dá bhliain.
“Tá mé cinnte go dtabharfaidh muintir na Gaillimhe an tacaíocht céanna don rás seo an chéad