Baile Nuacht Preaseisiúintí Buaileann Ó Cuív le hArd-Chomhairleoir de chuid Aireacht Talmhaíochta agus Tuaithe na Polainne

Buaileann Ó Cuív le hArd-Chomhairleoir de chuid Aireacht Talmhaíochta agus Tuaithe na Polainne

Nuacht - Preaseisiúintí

Le linn dó cuairt a thabhairt ar an bPolainn, bhuail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. le Zofia Bean Krzyzanowska, an tArd-Chomhairleoir in Aireacht Talmhaíochta agus Tuaithe na Polainne.

Bhíodh díospóireachtaí ann maidir leis na saincheisteanna a bhíonn ag Éirinn agus an Pholainn maidir le Forbairt Tuaithe.

Thug Bean  Krzyzanowska, i gcomhpháirt lena comhghleacaithe, faisnéis don Aire Ó Cuív faoi na dúshláin forbartha tuaithe atá roimh an bPolainn faoi láthair, agus bhí fonn ar thoscaireacht na Polainne foghlaim faoin gcur chuige Éireannach i dtaca le saincheisteanna forbartha tuaithe de, go háirithe maidir le deiseanna fostaíochta a ghiniúint, agus modhanna chun pobail tuaithe a chothabháil.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Ó Cuív; “Bhí ríméad orm an deis seo a bheith agam labhairt le mo chuid comhghleacaithe i bhForbairt Tuaithe na Polainne, an taithí a bhí againn a roinnt agus sinn ag cur Polasaithe Forbartha Tuaithe i bheidhm, agus forbairt Pholasaí Forbartha Tuaithe na hEorpa tar éis 2013 a phlé.  Más mian linn an clár seo a mhúnlú, ba bhuntáiste é dearcadh comhtháite thar ceann ár gcónaitheoirí tuaithe a chur chuig an Aontas Eorpach go luath sa phróiseas athbhreithnithe.  Tá comhsprioc á roinnt againn agus sinn ag iarraidh pobail láidre tuaithe a chothabháil laistigh dár dtíortha, an pobal tuaithe a fhorbairt agus a chothabháil trí dheiseanna fostaíochta a sholáthar agus trí bhonneagar oiriúnach, agus trí sheirbhísí maithe sóisialta agus oideachais”.

Chuir an tAire Ó Cuív cuireadh ar thoscaireacht na Polainne cuairt a thabhairt ar Éirinn ar ball beag d’fhonn tuilleadh díospóireachtaí a reáchtáil roimh Chlár Forbartha Tuaithe 2013 - 2020.

Issued by the Press & Information Office of the Dept. of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil:  01 647 3130/087 7956378 Fax/Facs: 01 6473215
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie