Baile Nuacht Preaseisiúintí

Preaseisiúintí

Fógraíonn an tAire Éamon Ó Cuív TD tacaíocht €4m an Rialtais le tacú le hiarratas Let’s Do It Global ar lucht eagraíochta domhanda an Rás Aigéin Volvo chun an rás a thabhairt ar ais go Gaillimh an chéad bhabhta eile

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 02 Feabhra 2010

“Tá mé fíor-shásta anois go bhfuil mo chomhghleacaí, Martin Cullen TD, an tAire Ealaín, Spóirt agus Turasóireachta in ann a fhógairt inniu go mbeidh an Rialtas ag tacú leis an iarratas seo chun Rás Aigéin Volvo a thabhairt ar ais go Gaillimh an chéad bhabhta eile i 2011-2012.

Léigh ar aghaidh...

   

Ó Cuív meáite ar bhandaleathan níos fearr a fháil do Chaladh na Muc agus Caladh an Chnoic

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 02 Feabhra 2010

Tá an tAire Éamon Ó Cuív TD meáite ar sheirbhísí bhandaleathan níos fearr a fháil do cheantair Chaladh na Muc agus Chaladh an Chnoic.

Léigh ar aghaidh...

   

Ceadaíonn Ó Cuív deontas €15,998 do Choiste Pobail na Foirnéise, Camas

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 02 Feabhra 2010

Is cúis áthais don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD, a fhógairt go bhfuil deontas de €15,998 ceadaithe aige do Choiste Pobail na Foirnéise chun obair athchóirithe a chur i gcrích ar ionad pobail Chamais,  Co. na Gaillimhe.  Baineann an cúnamh seo le hoibreacha sábháilteachta agus slándála.  Tá deontas €13,332 á cheadú faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin agus deontas €2,666 á cheadú faoi CLÁR.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire gur thuig sé go bhfuil dea-obair ar siúl san ionad pobail agus go bhfuil na coláistí samhraidh ag baint tairbhe as chomh maith.  “Táim sásta go bhfuil ionad pobail Chamais ina áis  thábhachtach don phobal agus do na coláistí samhraidh agus cuideoidh an deontas seo na saoráidí a fheabhsú,” a dúirt sé.

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie

   

Fáiltíonn an tAire Ó Cuív roimh an nuacht go bhfuil scoil nua ceadaithe do Choláiste Pobail an Chlocháin agus leathnú ceadaithe do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 27 Eanáir 2010

Tá fáilte curtha ag Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, roimh nuacht a chomhghleacaí Batt O’ Keefe, T.D. An tAire Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil cead tugtha aige do scoil nua do Choláiste Pobail an Chlochain anois dul ar aghaidh chuig céim 2B (dearadh, cead pleanála, teastas dóiteáin). Tá leathnú ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ceadaithe freisin agus cead tugtha dóibh dul ar aghaidh le céim 2A (léaráidí forbartha).

Léigh ar aghaidh...

   

Scéim Labhairt na Gaeilge 2008/2009

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 25 Eanáir 2010

Tá figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2008/09 foilsithe anois ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Léigh ar aghaidh...

   

Áitíonn Ó Cuív ar dhaoine leas a bhaint as na deiseanna chun an Ghaeilge a mhúineadh i gCeanada

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 22 Eanáir 2010

Inniu, mhol Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do mhic léinn agus do mhúinteoirí le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar dhámhachtain Gaeilge Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann Cheanada roimh an 5 Márta, tráth a gcuirfear críoch leis an bpróiseas iarratais.  Cuireann an Fhondúireacht, a fhaigheann maoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, roinnt cúinteoireachtaí teagaisc Gaeilge ar fáil in ollscoileanna a thairgíonn cúrsaí i nGaeilge i gCeanada.  Is iad Concordia University i Montréal, Québec agus St. Mary’s University i Halifax, Albain Nua na hinstitiúidí tríú leibhéal a bhfuil baint acu leis na cúntóireachtaí.  Chomh maith leis sin, tá Fondúireacht Ollscoile na hÉireann Cheanada ag lorg iarratas d’Ollúnacht Chuairte Gaeilge i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Toronto.

Léigh ar aghaidh...

   

Molann Ó Cuív an bealach a ndeachaigh an Scéim Sóisialta Tuaithe i ngleic le fadhbanna a bhain leis an drochaimsir i bpobail tuaithe ar fud na tíre

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 21 Eanáir 2010

Inniu, ghlac Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, buíochas le rannpháirtithe uile na Scéime Sóisialta Tuaithe (SST), lena gcuid maoirseoirí agus le bainisteoirí na gComhlachtaí Forbartha Áitiúla as an obair shuntasach a rinne siad ina gcuid pobal tuaithe chun dul i ngleic le fadhbanna a bhain leis an drochaimsir a bhí againn le déanaí agus as an gcúnamh leanúnach atá siad ag tabhairt sna ceantair sin atá buailte go fóill.

Léigh ar aghaidh...

   

Statement from Éamon Ó Cuív, T.D. about damage to roads in the western region

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2010

Níl leagan aistrithe ar fáil.

Éamon Ó Cuív T.D., Minister for Community, Rural & Gaeltacht Affairs has raised the issue with Minister for Transport, Noel Dempsey, T.D. regarding the damage caused by the recent inclement weather to roads in County Galway.

Léigh ar aghaidh...

   

Page 7 as 12