Baile Nuacht Preaseisiúintí

Preaseisiúintí

Ceadaíonn Ó Cuív breis tionscadal faoi Scéim Chomharthaí Dátheangacha CLÁR

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 19 Eanáir 2010

Inniu, cheadaigh Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maoiniú de €9,594.26 do 5 thionscadal faoi Scéim Chomharthaí Dátheangacha CLÁR. Cuireann an scéim maoiniú ar fáil chun comharthaí príobháideacha, pobail agus bailte fearainn dátheangacha, a chur in airde.

Léigh ar aghaidh...

   

“Cinnteoidh rannpháirtíocht an phobail áitiúil go n-éireoidh le clár RAPID i Ráth Caola” - Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 11 Eanáir 2010


Tionólfaidh Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cruinniú eolais phoiblí faoin gClár RAPID i Ráth Caola, Co. Luimnigh, amárach (Dé Máirt 12/01/10).  Cuireadh Ráth Caola agus ceithre bhaile eile (Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; agus An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí) san áireamh i gClár RAPID le déanaí.  Is tionscnamh spriocdhírithe Rialtais é RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) chun díriú ar an 51 pobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.

Ag labhairt dó inniu roimh an gcruinniú poiblí, dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil sé ag súil go mbeidh go leor daoine ón bpobal áitiúil i láthair mar go gcreideann sé go mbeidh rannpháirtíocht an phobail ríthábhachtach má tá rath le bheith ar an gClár i Ráth Caola.

Léigh ar aghaidh...

   

“COSNAÍONN CÁINAISNÉIS 2010 CEANTAR TUAITHE NA hÉIREANN” – Ó CUÍV

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 06 Eanáir 2010

Inniu, dúirt Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, gur ráiteas soiléir an Cháinaisnéis de chuspóir an Rialtais seirbhísí a sholáthar agus a fhorbairt faoin tuath in Éirinn.

“Níl an réimse leathan moltaí ceannlíne a bhí i dTuarascáil Mhic Cárthaigh, agus a mbeadh tionchar diúltach acu ar cheantar tuaithe na hÉireann, curtha i bhfeidhm,” a dúirt Ó Cuív.  “Tá an Rialtas fós tiomanta do cheantar tuaithe na hÉireann; tá sé seo soiléir ó na cinntí a glacadh sna réimsí sin is mó a mbeidh tionchar acu ar na pobail agus ar na daoine atá ina gcónaí i gceantair tuaithe.”

Léigh ar aghaidh...

   

LÁ NÁISIÚNTA CUIMHNEACHÁIN AN GHORTA MHÓIR 2010 LE REÁCHTÁIL I MURAISC, CO. MHAIGH EO

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 05 Eanáir 2010

Inniu, rinne Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cur síos ar na pleananna atá ag Coiste Náisiúnta Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir do Lá Náisiúnta Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir 2010.  Tá an méid seo a leanas aontaithe ag an gCoiste do chomóradh na bliana seo:

· Táthar ag moladh go reáchtálfar an ócáid náisiúnta ar an 16 Bealtaine 2010 i Muraisc, Co. Mhaigh Eo;
· Reáchtálfar an ócáid chomhuaineach náisiúnta i Nua Eabhrac;
· Spreagfar pobail ar fud na tíre chun a gcuid ócáidí áitiúla féin a reáchtáil chun comóradh a dhéanamh ar an nGorta Mór; agus
· Ba chóir do gach imeacht poiblí agus spóirt noiméad ciúnais a chur san áireamh ar Lá Náisiúnta Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.

Léigh ar aghaidh...

   

“Tá Calafort na Gaillimhe agus Stáisiún Cheannt ar na forbairtí is suntasaí sa chathair le blianta fada anuas” – an tAire Éamon Ó Cuív TD

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 15 Nollaig 2009

Tá sé ráite ag an Aire Éamon Ó Cuív TD gurb iad Calafort na Gaillimhe agus Stáisiún Cheannt na forbairtí is suntasaí sa chathair le blianta fada anuas. 

“Creidim go bhfuil sé fíorphráinneach anois go mbrúfaí ar aghaidh le forbairt an cheantair taobh istigh de Chalafort na Gaillimhe agus le forbairt Stáisiún Cheannt chomh tapaidh agus is féidir agus go gcinnteoidh muid go mbainfidh muid plean soiléir agus forbairt ar ardchaighdeán amach,” a dúirt an tAire. 

Léigh ar aghaidh...

   

Ráiteas ón Aire Éamon Ó Cuív agus ón Aire Stáit John Curran, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Cáinaisnéis 2010

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 09 Nollaig 2009

Tá ollmhaoiniú don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag €415.426m in 2010 laghdaithe 13% ina iomláine i gcoibhneas le leithdháileadh €475.701m 2009.  Tá maoiniú reatha laghdaithe 9%, laghdú de €32.1m, agus tá maoiniú caipitil laghdaithe 21%, laghdú de €28.175m.

Léigh ar aghaidh...

   

Fógraíonn an tAire Ó Cuív maoiniú d’Aerfort na Gaillimhe

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 08 Nollaig 2009

D’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht, Éamon Ó Cuív TD inniu go bhfuil maoiniú breise d’aerfort na Gaillimhe ceadaithe ag an Rialtas le haghaidh 2009.

Léigh ar aghaidh...

   

Áitíonn Ó Cuív ar mhuintir Chonamara iarratais a dhéanamh ar thionscadail le Forum Connemara

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 01 Nollaig 2009

Tá ráite ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go raibh an-áthas air a bheith ábalta €1.5m a chur ar fáil do Forum Connemara chun tionscadail a cheadú faoi bhabhta reatha LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013.  “Go dtí seo, tá tionscadail ar fiú €127,000 iad ceadaithe ag Forum Connemara,” a dúirt sé.  “Ciallaíonn sé sin go bhfuil €1.378m ar fáil acu láithreach chun tionscadail a cheadú.”

Léigh ar aghaidh...

   

Page 8 as 12