Baile Nuacht Preaseisiúintí

Preaseisiúintí

€61,927 ceadaithe do Choiste Forbartha Chorr na Móna, Co na Gaillimhe - Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 03 Samhain 2009

Is cúis áthais d'Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a fhógairt go bhfuil deontas de €61,927 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Chorr na Móna, Co na Gaillimhe, mar chabhair chun clós súgartha a fhorbairt i gCorr na Móna. Tá deontas €51,606 á cheadú faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin Ghaeltachta agus €10,321 á cheadú faoi CLÁR.

Léigh ar aghaidh...

   

"Tá rannpháirtíocht an phobail agus úinéireacht áitiúil ina ngnéithe lárnacha de Chlár RAPID" - Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 03 Samhain 2009

Tráthnóna inné, Dé Luain, an 2 Samhain 2009, thionóil Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cruinniú poiblí i mBéal an Átha faoin gClár RAPID. Cuireadh Béal an Átha agus ceithre bhaile eile (an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; agus Ráth Caola, Co. Luimnigh) san áireamh i gClár RAPID le déanaí. Tionscnamh dírithe Rialtais é RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) a dhíríonn isteach ar na 51 ceantar is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.

Léigh ar aghaidh...

   

Grúpaí RAPID le cuairt a thabhairt ar a macasamhla i mBéal Feirste chun féachaint ar roghanna eile do thinte cnámha traidisiúnta na Samhna a bheadh neamhdhíobhálach don phobal

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2009

Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil socruithe déanta aige le go bhféadfaidh ionadaithe pobail ó limistéir RAPID an Chabháin, Dhún Dealgan, Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath cuairt a thabhairt ar a macasamhla de ghrúpaí pobail i mBéal Feirste chun plé a dhéanamh ar thriail a bhaint as roghanna eile do thinte cnámha traidisiúnta na Samhna a bheadh neamhdhíobhálach don phobal ar bhonn píolótach trasteorann.

Léigh ar aghaidh...

   

Ó Cuív chun cuairt a thabhairt ar 5 bhaile nua RAPID

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 26 Deireadh Fómhair 2009

Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go dtionólfaidh sé cruinnithe eolais phoiblí i ngach aon cheann den 5 bhaile a cuireadh san áireamh i gClár RAPID le déanaí. Ar an 28 Bealtaine i mbliana, d'fhógair an tAire Ó Cuív cinneadh an Rialtais Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí; agus Ráth Caola, Co. Luimnigh a chur san áireamh i gClár RAPID. Is tionscnamh spriodhírithe Rialtais é Clár RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) a dhíríonn ar an 51 pobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.

Léigh ar aghaidh...

   

Ceadaíonn Ó Cuív Breis Tionscadal faoi Scéim Feabhsúcháin CLÁR d'Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 19 Deireadh Fómhair 2009

Inniu, cheadaigh Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maoiniú de €29,553.48 do 5 scoil faoi Scéim Feabhsúcháin CLÁR d'Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna.

Léigh ar aghaidh...

   

Áíonn Ó Cuív go ndáilfí láithreach an €45m atá ar fáil faoin gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 19 Deireadh Fómhair 2009

D'áitigh Éamon Ó Cuív, TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar na gCuideachtaí Comhpháirtíochta Forbartha Áitiúla Comhtháite go léir ar fud na tíre inniu, chun maoiniú €45m atá ar fáil láithreach faoin gClár Forbartha Tuaithe a leithdháileadh le haghaidh deontas do thionscadail fhiúntacha a dhéanfaidh difríocht mhór dá bpobail.

Léigh ar aghaidh...

   

Coimisiún Logainmneacha nua ainmnithe ag an Aire Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 12 Deireadh Fómhair 2009

D'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, inniu, 12 Deireadh Fómhair 2009, go bhfuil Coimisiún Logainmneacha nua ainmnithe aige. Beidh an Coimisiún ceaptha le héifeacht ó 12 Deireadh Fómhair 2009 ar feadh téarma trí bliana. Is í feidhm an Choimisiúin Logainmneacha ná comhairle a chur ar fáil faoi:

Léigh ar aghaidh...

   

€60,602 ceadaithe ag Ó Cuív i leith oibreacha sábháilteachta ag Cé an Chalaidh Mhóir - Inis Meáin

Nuacht - Preaseisiúintí

Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 12 Deireadh Fómhair 2009

Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil deontas de €60,602 ceadaithe aige chun oibreacha sábháilteachta a dhéanamh ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin, Co na Gaillimhe.

Léigh ar aghaidh...

   

Page 10 as 12