Nuacht
Buaileann Ó Cuív le hArd-Chomhairleoir de chuid Aireacht Talmhaíochta agus Tuaithe na Polainne
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 12 Márta 2010
Le linn dó cuairt a thabhairt ar an bPolainn, bhuail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. le Zofia Bean Krzyzanowska, an tArd-Chomhairleoir in Aireacht Talmhaíochta agus Tuaithe na Polainne.
Bhíodh díospóireachtaí ann maidir leis na saincheisteanna a bhíonn ag Éirinn agus an Pholainn maidir le Forbairt Tuaithe.
Rás Aigéin Volvo chun cuir chun seol i nGaillimh arís – Ó Cuív
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 10 Márta 2010
Ag ócáid fhoirmiúil i mBaile Átha Cliath inniu chun an calafort cheann scríbe i Rás Aigéin Volvo 2011-2012 a fhógairt, ghlac an tAire Éamon Ó Cuív TD comhghairdeas le John Killeen, Enda O’Coineen agus a gcomhbhádóirí uile i “Let’s Do It Global” as ucht an éacht iontach atá déanta acu chun an rás seo a mhealladh ar ais go Gaillimh arís.
Minister Ó Cuív addresses Clare County Council - Update on Government’s policy on Rural Development
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 08 Márta 2010
Níl leagan aistrithe ar fáil.Tá mé buíoch díobh as ucht an deis seo chun labhairt libh faoi pholasaithe an Rialtais maidir le forbairt tuaithe. Tá ról ar leith ag na comhairlí chontae san obair seo mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis na pleananna chontae ó thaobh polasaithe forbartha tuaithe an Rialtais a chur i bhfeidhm ar an talamh.
I believe that we must approach all policy issues with the core question of what kind of Ireland do we want to live in? What social outcomes do we want to achieve for all of our communities, rural and urban? Rural development is part of a much bigger question about the quality of community life in both urban and rural communities.
Labhraíonn Ó Cuív ag an bhFóram Oscailte ar Thurasóireacht i nDúiche Sheoigheach
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 04 Márta 2010
Tabharfaidh an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, óráid d'Fhóram Turasóireachta ag an Turas tionscnaimh Oidhreacht Dúiche Sheoigheach ar an bhFairche Dé hAoine 5 Márta.
Ag labhairt dó inniu roimh an bhFóram, dúirt an tAire Ó Cuív:
“Tá acmhainneacht iontach ag baint le forbairt thionscadal nua Áineasa / Turasóireachta Tuaithe ar mhaithe lenár
Óráid an Aire Ó Cuív ag Tóstal na Gaeilge – “Ó Aidhm go Feidhm”
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 01 Márta 2010
A chairde
Is cúis áthais dom í a bheith i bhur láthair anocht chun tús a chur le himeachtaí Tóstal na Gaeilge 2010. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge as ucht an deis a thabhairt dom labhairt libh ag an am cinniúnach seo ó thaobh na Gaeilge de. Tá an teideal atá roghnaithe don Tóstal i mbliana “Ó Aidhm go Feidhm” fíor spéisiúil agus glacaim leis go bhfuil baint nach beag aige leis an dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Cén sórt Éireann atá uainn?
Creidim mar sin gur fiú dúinn an Tóstal seo a thosú leis an gceist: “cén sórt tír atá uainn?” Céard í an aidhm mhór atá againn mar phobal agus mar thír?
Page 9 as 22


Nuacht


