Seoladh Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2010
Nótaí cainte d’Éamon Ó Cuív TD,
An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Seoladh Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,
faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Halla an Bhia, An Chearnóg Tosaigh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 10/02/10, 5.30pm
A Chairde,
Tá an-áthas orm a bheith anseo in éindí libh inniu chun Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide a sheoladh faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá Coláiste na Tríonóide réamhghníomhach cheana féin ina gcuid iarrachtaí seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus tá mé thar a bheith sásta a fheiceáil go bhfuil an Scéim Teanga atá muid ag seoladh anseo inniu ag leanúint ar aghaidh sa treo dearfach agus cuiditheach sin, ag tairiscint fíorsheirbhísí praiticiúla as Gaeilge do mhic léinn, don fhoireann agus do chuairteoirí.
Ar ndóigh, tá íomhá láidir agus dearfach atá seanbhunaithe ag Coláiste na Tríonóide ó thaobh na Gaeilge de, sa mbaile agus thar lear. Sna chéad bhlianta, chuir Coláiste na Tríonóide oiliúint Ghaeilge ar fáil do chléir na hEaglaise Bunaithe, chun an creideamh leasaithe a chur chun cinn i dteanga thromlach na ndaoine. Ba é William Bedell, a bhí ina Phropast tráth, a ba chúis leis an aistriúchán a rinneadh ar an Sean-Tiomna go Gaeilge nuair a bhí sé ina Easpag ar Chill Mhór. Bhí an Dr Dubhghlas de hÍde, bunaitheoir Chonradh na Gaeilge agus an chéad Uachtarán a bhí ar Éirinn, ina mhac léinn sa Choláiste.
Bunaíodh Cathaoir Gaeilge an Choláiste in 1841 agus ina measc siúd a chaith seal sa Chathaoir sin bhí an scríbhneoir clúiteach Máirtín Ó Cadhain (1969-1970). Inniu, tá Scoil na Gaeilge, faoi choimirce an Ollaimh Damian McManus, i seilbh cóipeanna micreascannáin de Bhailiúchán Lámhscríbhinní Béaloidis Choimisiún Béaloideas Éireann.
Tá Oifigeach Gaeilge ag Coláiste na Tríonóide chun treoir a chur ar fáil i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla; chun cuidiú le haistriúcháin; agus chun oibriú le Coiste Gaeilge an Choláiste an Ghaeilge a chur chun cinn ar an gcampas. Cuireann an tOifigeach Gaeilge seirbhís aistriúcháin ar fáil freisin. Tá dhá scéim chónaitheach Gaeilge do mhic léinn ag an gColáiste, ceann ar an gcampas féin agus ceann eile i nDartraí, áit arb í an Ghaeilge an teanga laethúil cumarsáide. Cuirtear ranganna saor in aisce ar fáil do mhic léinn agus don fhoireann ar an gcampas gach Déardaoin. Tá an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn Ghaelacha is mó do mhic léinn sa tír agus cinntíonn sé go gcoinnítear an Ghaeilge beo ar an gcampas.
Gach bliain déanann Coláiste na Tríonóide ceiliúradh ar an nGaeilge le hÉigse na Tríonóide, seachtain d'imeachtaí sóisialta agus cultúrtha do mhic léinn a eagraíonn an Cumann Gaelach. Mar chuid den cheiliúradh cultúrtha seo bíonn ceolchoirmeacha ar siúl, chomh maith le tráth na gceist, turais, damhsa agus spórt.
Tá sé soiléir go bhfuil ról suntasach cheana féin ag an nGaeilge i saol Choláiste na Tríonóide. Bíonn gach comhartha nua a chuirtear in airde sa Choláiste dátheangach faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an ceart ag gach duine cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge le Coláiste na Tríonóide mar institiúid agus freagra a fháil sa teanga chéanna sin. Treiseoidh agus daingneoidh an Scéim Teanga, atá muid ag seoladh anseo inniu, an ról atá ag an nGaeilge i saol agus i gcultúr an choláiste.
Tá sé soiléir go bhfuil go leor smaoinimh agus pleanála curtha ag an ollscoil, trí Choiste na Gaeilge, isteach in ullmhú na Scéime seo agus an éifeacht a bheidh aici ar na páirtithe leasmhara uile. Tá a fhios agam go ndearna an Coiste go leor dul i gcomhairle leis an bhfoireann agus leis na mic léinn agus gur iarr siad aighneachtaí ó eagraíochtaí Gaeilge agus ó dhaoine aonair. Tá sé sin soiléir i bhforálacha na Scéime, a chuirfidh feabhas ar sholáthar seirbhísí dátheangacha i réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear suímh idirlín, seirbhísí IT, caidrimh phoiblí, fógraíocht, foirmeacha, bróisiúir, foilseacháin agus, ar ndóigh, Seirbhísí do Chustaiméirí. Beidh ról níos suntasaí ag an nGaeilge in earcú agus in oiliúint foirne, mar theanga bheo ar an gcampas agus i gcaidreamh an Choláiste leis an bpobal i gcoitinne.
Ba mhaith liom beagán a rá faoi thodhchaí na Gaeilge, ár gcuid cuspóirí agus ár gcuid ardaidhmeanna. Mar atá a fhios ag an gcuid is mó agaibh cheana féin, foilsíodh Straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge mar dhréacht i bhformáid leictreonach roimh na Nollag. Tá i gceist gur plean cuimsitheach oibre a bheidh sa straitéis agus go leagfaidh sé an bhunchloch do ghníomh praiticiúil chun tacú leis an teanga agus chun í a chur chun cinn, bunaithe ar chur chuige comhtháite agus nua-aimseartha.
Is é príomhaidhm an Phlean Straitéisigh 20 Bliain atá molta don Ghaeilge ná líon na ndaoine atá cothrom go feidhmiúil ó thaobh an dá theanga – an Ghaeilge agus an Béarla – a mhéadú agus go háirithe, an líon cainteoirí leathúla a mhéadú ó 85,000 go 250,000 agus an líon iomlán daoine le Gaeilge a mhéadú ó 1.6 milliún go 2 mhilliún.
Creidim gur aidhm réalaíoch ach dúshlánach é seo. Beidh idirghabhálacha ag teastáil ar fud réimse comhlachtaí poiblí agus réimsí polasaí.
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis freisin líon na gcainteoirí a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil sa Ghaeltacht a mhéadú mar go mbeidh beochan na Gaeltachta ríthábhachtach don Straitéis ina iomláine, agus tá sé mar aidhm líon na ndaoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus ar féidir leo leas a bhaint as teilifís, raidió agus na meáin chlóite trí Ghaeilge a mhéadú. Déanfar plé arís ar an dréacht ag an gCoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i gcomhair babhta críochnaithe comhchomhairleoireachta. Tabharfaidh mé an Straitéis ar ais ag an Rialtas ansin i gcomhair a fhormheasa críochnaitheach i gcomhthéacs na díospóireachta sin. Bainfidh an chéad bhliain den straitéis le hullmhú a dhéanamh chun í a chur i bhfeidhm, lena n-áireofar aon reachtaíocht riachtanach a thabhairt chun cinn agus a chinntiú go bhforbróidh gach ceann de na príomhghníomhaireachtaí feidhmithe plean oibríochtúil dá réimse freagrachta.
Ar ndóigh, beidh ról mór le himirt ag institiúidí tríú leibhéal, ar nós Coláiste na Tríonóide, ó thaobh todhchaí na teanga, i gcomhthéacs na straitéise 20 bliain agus lasmuigh de sin araon. Dá mhéad a chloisfear is a fheicfear an Ghaeilge agus dá éasca is a bheidh sé teacht ar sheirbhísí laethúla trí Ghaeilge, is amhlaidh is gaire a bheidh muid don dátheangachas feidhmiúil sa tír seo. Cuirfidh bhur Scéim nua Teanga leis seo. Tá scóp na seirbhísí atá aitheanta sa Scéim leagtha amach ar bhealach le go sroichfidh siad go leor custaiméirí agus daoine difriúla. Níos tábhachtaí fós, tá bearta na Scéime réalaíoch. Tá na gealltanais sonracha atá sa Scéim praiticiúil agus indéanta araon, agus tá mé cinnte go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí, níos insroichte agus níos lárnaí i saol Choláiste na Tríonóide mar thoradh ar chur i bhfeidhm na ngealltanas sin sna trí bliana atá amach romhainn.
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bPropast, an Dr John Hegarty, leis an Oifigeach Gaeilge, Aonghus Dwane agus le Coiste na Gaeilge agus iad siúd ar fad a thug a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh le linn an phróisis chun feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge sa Choláiste.




