Óráid an Aire ag bronadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2010
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 26 Feabhra 2010
Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2010
Óráid an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D.,
25 Feabhra 2010
A Mhéara, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, A Chomhairleoirí, Clann Uí Ógartaigh, a mholtóirí agus a Chairde go léir cuirim fáilte romhaibh go léir chuig an mbronnadh seo. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Gaillimh le Gaeilge agus go mór mhór le Bríd Ní Chonghóile as uacht caoin chuireadh a thabhairt dom chun Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh a bhronnadh anseo tráthnóna.
Rith sé liom agus mé ag seasamh ar mo chosa chun an píosa cainte seo a dhéanamh go mbeadh an-mheangadh ar bhéal Sheosaimh as an méid atá bainte amach ag an nGaeilge ó bunaíodh an Ghradaim féin. Chuirfeadh sé an-ghliondar air freisin an méid atá bainte amach ag Gaillimh le Gaeilge agus
ag pobal na cathrach seo ó bhí sé féin ar an stiúr. Ar bhealach is eisean, le daoine eile, a leag síos an cosán go bhfuil muid uile ag siúl air anois agus tá an cosán céanna ár dtabhairt i dtreo tábhachtach agus tairbheach teangeolaíoch.
An Gradam
Is fiú an bun aidhm atá leis an nGradam seo a lua agus a thabhairt chun cuimhne i gcónaí. Mar is eol daoibh uilig atá bailithe anseo anocht is é an buan aidhm atá leis an nGradam ná aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil an Ghaeilge in úsáid go laethúil acu ina ngnó agus atá, mar thoradh ar sin, rannpháirteach i nGaillimh a chur chun cinn mar “Phríomhchathair Dhátheangach na hÉireann”. Tá an Gradam ainmhithe in onóir Seosamh Ó hÓgartaigh, ball bunaithe agus Rúnaí Cuideachta Ghaillimh le Gaeilge. Bhí aithne mhaith agam ar Sheosaimh, fear a thuig cúrsaí gnó agus duine go raibh an-ghrá aige don Ghaeilge.
Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, atá á reáchtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ar an bhfód anois le ocht mbliana anuas. Is cinnte go bhfuil go leor athruithe tagtha ar an saol ón am sin agus ar ndóigh le dhá bhliain anuas ach go háirithe tá an ‘borradh tráchtála domhanda’ athraithe go mór chomh maith. Cothaíonn sé seo timpeallacht gnó iomlán difriúil dúinn go léir.
Ag úsáid an Ghaeilge mar acmhainn
Tá sé an-tábhachtach anois go n-ullmhóimis don todhchaí agus go mbainfimis úsáid as ár gcuid acmhainní nádúrtha go léir chun ár gcuid iomaíochas sa mhargadh a choimeád. Tá an t-ádh ar Ghaillimh sa mhéid is go bhfuil Gaeltacht Chonamara in aice léi, agus mar sin baineann sí leas as na tairbhí ó thaobh airgid de a bhaineann leis an stádas Gaeltachta sin. Léiríodh an tairbhe eacnamaíochta sin go soiléir san staidéar neamhspleách ar “Bhuntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe” a foilsíodh anuraidh. Nil i gceist agam mórán a rá bhí sin anocht ach is fiú an méid a bhí le rá ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, An Dr. Iognaid Ó Muircheartaigh, ag seoladh na tuarascála sin a thabhairt chun cuimhne:
This report on the economic benefits associated with the Irish language which accrue to Galway City and to the Galway Gaeltacht. found that the Irish language is worth in excess of €136 million annually to the economy of Galway City and County, supports over 5,000 jobs and more than 90% of Galway City businesses believe that it is a unique selling point for Galway’s image and cultural identity.
We have long appreciated the importance of the Irish language in a cultural and qualitative sense but this report now quantifies the economic value associated with it. Irish is a key driver of tourism in Galway City and County generating revenue in the order of €40 million annually.
Within the tourism sector, the Coláistí Gaeilge Samhraidh are extremely important to the Galway Gaeltacht and they contribute approximately €14 million to the local area through tuition fees, pocket money and payments to the mná tí who host Irish language students in their family homes each summer.
Ba mhaith liom a rá go raibh mé féin an sásta go raibh Gaillimh le Gaeilge in ann tacaíocht a fháil ó mo Roinn féin chun tabhairt faoin staidéar cheanna.
Ní bheadh sé ceart agus muid bailithe le chéile anseo anocht gan tagairt a dhéanamh den dréacht Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a foilsíodh i mí na Samhna anuraidh. Mar is eol daoibh tá sé á phlé ag Comh-Choiste Oireachtais faoi láthair – go deimhin tá cruinniú le grúpaí Gaeltachta acu i gCois Fharraige amárach. Tá súil agam nach fada go mbeidh deis agam é a chur os comhair an Rialtas le cinneadh críochnúil a dhéanamh ina leith.
Bá mhaith liom ach go háirithe díriú isteach ar an ról tábhacht dár liom a bheidh ag na bailte agus na cathracha móra – cathair na Gaillimhe san áireamh - má tá muid le príomh sprioc ná straitéise, sé sin, go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil sula a dtiocfaidh deiridh le tréimhse na Straitéise i gceann 20 bliain.
Go traidisiúnta, déanadh idirdhealú i gcónaí idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht ó thaobh na teanga de ach anois tá sé níos soiléire nach mairfidh an Ghaeilge má táthar ag brath ar an Ghaeltacht amháin le í a choinneáil beo. Chomh maith leis sin, ní leathnóidh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre gan tacú na Gaeltachta. Mar atá ráite agam go minic creidim má tá rath fadtéarmach i ndán don Ghaeilge, go mbeidh ról an-tábhachtach ag na Gaeltachtaí, ach go dtiocfaidh an borradh agus an fás a athróidh rudaí go buan ó na bailte agus na cathracha. Caithfidh an Ghaeilge athrú ó theanga pobal tuaithe go teanga atá inghlactha sa saol cathrach agus tuaithe agus mar sin creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí go mór leis na gréasáin pobail atá á dtógáil thart ar naíonraí, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí sna cathracha. Creidim go gcuideodh láidriú na Gaeilge sna cathracha agus sna bailte móra freisin le caomhnú agus láidriú na Gaeltachta. Ní dóigh liomsa go féidir le ceann maireachtáil gan an ceann eile.
Tá an méid Gaeilge atá á labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ag méadú de shíor. Ag ullmhú na Straitéise tugadh aird speisialta ar ghréasáin Gaeilge i ceantair eile seachas an Ghaeltacht thraidisiúnta. Beidh aitheantas á thabhairt do phobail uirbeacha a bhfuil bunstruchtúr láidir Gaeilge iontu, struchtúir ar nós oideachas, seirbhísí do dhaoine óga, seirbhísí pobail eile 7rl. Chomh maith le seirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil do na ceantair a bhfuil dóthain mais chriticiúil iontu, táthar chun forbairt a dhéanamh ar ionaid acmhainní a thabharfaidh deiseanna don phobal páirt a ghlacadh i gníomhaíochtaí go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach dhóibh. Tá i gceist chomh maith go gcuirfear leis na deiseanna sóisialta do dhaoine i ngach aois-ghrúpa lena gcuid Gaeilge a úsáid. Is cinnte go bhfuil sé thar a bheith riachtanach go gcuirfear na seirbhísí tacaíochta agus na deiseanna sóisialta seo ar fáil mar tá an Ghaeilge fíor-thábhachtach dúinn mar phobal agus mar náisiún agus is beag bealach atá ann, atá chomh bunúsach agus chomh tábhachtach lena chinntiú go mairfidh sí ná na hiarrachtaí a thagann ón bpobal féin. Gan na seirbhísí tacaíochta agus deiseanna seo is deacair a shamhlú go n-éiríodh le hiarrachtaí an phobail is cuma cé chomh héifeachtacht agus dúthracht agus atá siad.
Mar a lua mé ag an tús, tá muid anseo ag ócáid bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chun tréaslú le gach duine a ghlac páirt sa Ghradam. Déanaim comhghairdeachas leo siúd a bhain gearrliosta amach. Tugann bhur saothar aitheantas don Ghaeilge agus cuireann sé go mór le tarraingteacht na cathrach len í a dhéanamh difriúil, uathúil agus spéisiúil. Molaim an tacaíocht leanúnach atá á thabhairt do Ghaillimh le Gaeilge ag Comhairle na Cathrach agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe tríd na scéime Cairde Ghaillimh le Gaeilge. Tá focail buíochais ar leith ag dul do lucht gnó na cathrach a thugann an-tacaíocht don obair atá á déanamh ag Gaillimh le Gaeilge.
Deontas Gaillimh Le Gaeilge 2010
Agus muid ag caint ar an tacaíocht sin tá sé tráthúil dom tagairt a dhéanamh don chúnamh a chuireann mó Roinnse ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge. Mhol mé don Chomhairle Cathrach agus don Cumann Tráchtála anuraidh leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht airgid a chuireann siad ar fáil agus go ndéanfadh mise mo sheacht ndícheall chun €3 ón Roinn a chur ar fáil le haghaidh gach €1 a chuireann siad ar fáil. In ainneoin go bhfuil, mar is eol dóibh uilig, ghearradh siar a dhéanamh ar chaiteachas stáit trí cheile, tá an áthas orm a fhógairt anocht go bhfuil suim €165,000 ceadaithe agam do Ghaillimh le Gaeilge do 2010- an suim cheana beagnach agus a fuair siad anuraidh.
Ar dheireadh tréaslaím leis na comhlachtaí gnó atá anseo anocht agus a dhéanann urraíocht ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Gheobhaidh na buaiteoirí pacáiste gnó iontach gur fiú €15,000 urraithe ag an Galway Advertiser, Snap Printing na Gaillimhe, Galway Bay FM, Aerfort na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus ar ndóigh Gaillimh le Gaeilge. I measc na nduaiseanna seo, bronntar Séala Sheosaimh Uí Ógartaigh 'Q Marc' don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe i gcomhar le Bord Fiontar Contae agus Cathair na Gaillimhe ar an mbuaiteoir, mar aon le píosa dealbhóireachta álainn, deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney.





