Baile Nuacht Preaseisiúintí Fáiltíonn an tAire Ó Cuív roimh an nuacht go bhfuil scoil nua ceadaithe do Choláiste Pobail an Chlocháin agus leathnú ceadaithe do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach

Fáiltíonn an tAire Ó Cuív roimh an nuacht go bhfuil scoil nua ceadaithe do Choláiste Pobail an Chlocháin agus leathnú ceadaithe do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá fáilte curtha ag Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, roimh nuacht a chomhghleacaí Batt O’ Keefe, T.D. An tAire Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil cead tugtha aige do scoil nua do Choláiste Pobail an Chlochain anois dul ar aghaidh chuig céim 2B (dearadh, cead pleanála, teastas dóiteáin). Tá leathnú ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ceadaithe freisin agus cead tugtha dóibh dul ar aghaidh le céim 2A (léaráidí forbartha).

Faoi Gaelscoil Mhic Amhlaigh, dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil an tionscnamh seo ag dul ar aghaidh le tamall anois agus go bhfuil sé an-sásta go mbeidh forbairt á dhéanamh ar an nGaelscoil.

Maidir le Coláiste Phobail an Chlocháin, dúirt an tAire:
“D’ oibrigh mé le tuismitheoírí na ndaltaí agus leis an scoil le cead a fháil scoil nua a thógáil. San Earrach seo caite, i gcruinniú le Coiste tuismitheoírí na ndaltaí, shocraigh mé cruinniú a eagrú leis an Aire Oideachais Batt O’ Keefe. Ag an gcruinniú seo, chuir an tAire O’ Keefe in iúl dóibh go raibh stadas banda na scoile leasaithe agus dá bharr seo go mbeadh an scoil in ann dul ar aghaidh agus pleananna a ullmhú do scoil nua. Oibreoidh mé le cinntiú nuair atá na pleananna cuí réitithe go lorgófar tairiscintí don tionscnamh seo agus go mbeifear in ann an scoil a thógáil a luaithe agus is féidir."

CRÍOCH